Paróiste Ghaoth Dobhair

Paróiste Ghaoth Dobhair Contact information, map and directions, contact form, opening hours, services, ratings, photos, videos and announcements from Paróiste Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Gaoth Dobhair.

Suaimhneas síoraí da hanam uasal 🙏
15/09/2026

Suaimhneas síoraí da hanam uasal 🙏

Fuair Máire Murray as Min a Chladaigh bás tráthnóna inné in Otharlann Ollscoile Leitir Ceanainn. Beidh a faire sa bhaile i Min a Chladaigh F92 FY8C1 inniu ón 5 a'chlog. Beidh an paidrín ar a 9 a' chlog an dá oiche.
Cuirfear Máire sa reilig áitiúla i ndiaidh aifreann an tórraimh ar a 11 a'chlog i dTeach Pobail Cholmcille i gCnoc Fola F92 D586 Déardaoin 17ú Meán Fómhair.
https://www.mcn.live/camera/teach-pobail-cholmcille-naofa
Suaimhneas Síoraí dá hanam uasal.

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal 🙏
04/09/2026

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal 🙏

Suaimhneas síoraí dá anam uasal 🙏
24/08/2026

Suaimhneas síoraí dá anam uasal 🙏

23/08/2026
Teach Pobail Mhuire, Doirí BeagaDear Parishioners and Friends,I am pleased to share with you a positive update on the on...
16/08/2026

Teach Pobail Mhuire, Doirí Beaga

Dear Parishioners and Friends,
I am pleased to share with you a positive update on the ongoing work concerning the design and rebuilding of Teach Pobail Mhuire, Doirí Beaga.

Bishop Niall Coll visited the parish on Thursday, spending the afternoon and a good part of the evening with us. During his visit, he met with the Parish Priest and visited the site of Teach Pobail Mhuire, Doirí Beaga, where he paused in prayer, remembering the people of Gaoth Dobhair who are very much in his thoughts and prayers at this important time, both those at home and those living further afield.

Bishop Niall also attended a scheduled meeting of Meitheal Mhuire at Ionad Naomh Pádraig. Before meeting with architect Karl Pedersen and quantity surveyor Eugene Coyle, Bishop Niall spent time with the members of Meitheal Mhuire, hearing from them about the work undertaken to date and the progress of the project. He thanked the members for their professionalism, commitment and the considerable work they continue to undertake on behalf of the whole community.

Karl and Eugene then joined the meeting, where Karl presented the latest design draft for the new church. This was followed by a detailed discussion on the design, associated costs and the next stages of the project, to which Bishop Niall contributed his own observations and guidance.

As this important work progresses, Meitheal Mhuire remains very conscious of the overall cost of the project. We are extremely grateful for the very positive outcome of our insurance claim with Allianz, which provides a strong foundation upon which to move forward. At the same time, the extensive community consultation undertaken following the fire produced many excellent suggestions and aspirations for our new parish church. Naturally, incorporating some of these would involve additional costs and funding, and careful consideration is therefore being given to what can reasonably and responsibly be included in the final design. Our challenge is to achieve the right design for the needs of our parish community, while ensuring that the overall project remains financially responsible and achievable.

Bishop Niall, the priests of the parish and the members of Meitheal Mhuire, are greatly encouraged by the design work undertaken to date. Work will now continue on refining the design and examining the associated costs. Once this work has reached the appropriate stage, the proposed design will be formally presented to Bishop Niall and the Diocesan Building Team for their consideration and approval. Following this, we hope to be in a position to present the design, drawings and model of the new Teach Pobail Mhuire to the community in the coming weeks, before proceeding to the planning permission stage.

We are very grateful to Bishop Niall for the time he spent with us and for his continued support and guidance. We are also deeply grateful to everyone who continues to contribute to this important work as, together, we take these careful and considered steps towards building our new Teach Pobail Mhuire.

Under the mantle of the Blessed Virgin Mary, we entrust this sacred work and the journey that lies ahead to her maternal care, protection and intercession.

I síth agus i muintearas Íosa,
An tAth. Brian Ó Fearraigh S.P.

Teach Pobail Mhuire, Doirí Beaga.A Phobal Dé, tá áthas orm an t-eolas seo a leanas a roinnt libh.Thug Easpag an Deoise, ...
16/08/2026

Teach Pobail Mhuire, Doirí Beaga.

A Phobal Dé, tá áthas orm an t-eolas seo a leanas a roinnt libh.

Thug Easpag an Deoise, An Dr. Ró-Oirmhinneach Niall Coll cuairt ar an pharóiste Déardaoin, agus chaith sé páirt mhaith den tráthnóna linn. Le linn na cuairte, bhuail sé leis an Sagart Paróiste agus thug sé cuairt ar shuíomh Theach Pobail Mhuire, Doirí Beaga; ar an láthair sin do, guí sé, agus ins an urnaí ag cuimhneamh go speisialta ar mhuintir Ghaoth Dobhair sa bhaile agus iad sin atá ina gcónaí i bhfad i gcéin. Bhí agus tá pobal na paróiste go mór ina chuid smaointe agus ina chuid paidreacha ag an am tábhachtach seo.

D’fhreastail an tEaspag Niall fosta ar chruinniú pleanáilte de chuid Mheitheal Mhuire in Ionad Naomh Pádraig. Sula raibh cruinniú aige leis an ailtire Karl Pedersen agus leis an suirbhéir cainníochta Eugene Coyle, chaith an tEaspag Niall seal le baill Meitheal Mhuire, áit ar chuala sé uafa faoin obair atá déanta go dtí seo agus fa dhul chun cinn an togra. Ghabh sé buíochas leis na baill as a ngairmiúlacht, as a dtiomantas agus as an obair shuntasach a bhíos ar siúl acu i gcónaí thar ceann an phobail ar fad.

Tháinig Karl agus Eugene isteach sa chruinniú ansin, áit ar chuir Karl an dréacht-dearadh is déarnaí don Teach Pobail úr i láthair. Ina dhiaidh sin, rinneadh mion plé ar an dearadh, ar na costais a bhain leis agus ar chéimeanna eile an togra; chuir an tEaspag Niall a chuid tuairimí agus treoracha féin leis an phlé sin.

De réir mar a théann an obair thábhachtach seo ar aghaidh, tá Meitheal Mhuire iontach aireach ar chostas iomlán an togra. Tá muid fíorbhuíoch as an toradh an-dearfach a bhí ar an éileamh árachais a rinne muid le Allianz; bheireann sé sin bonn láidir dúinn le dul ar aghaidh agus tógáil air. Ag an am céanna, tháinig go leor moltaí agus mianta den scoith chun cinn maidir le Teach Pobail úr na paróiste le linn an phróisis fhairsing comhairliúcháin leis an phobal a reáchtáladh. Ar ndóigh, bheadh costais agus maoiniú breise i gceist dá gcuirfí cuid de na moltaí sin i bhfeidhm, agus mar sin tá muid ag machnamh go cúramach ar caide a thig linn a chur san áireamh sa dearadh deiridh ar bhealach réasúnta agus freagrach. Is í an dúshlán atá romhainn ná an dearadh ceart a aimsiú a fhreastalann ar riachtanais phobal na paróiste, agus ag an am céanna a chinntiú go bhfanann an togra ina iomláine inmharthana agus freagrach ó thaobh cúrsaí airgeadais de.

Tá an tEaspag Niall, na sagairt sa pharóiste, agus baill de Meitheal Mhuire, iontach sásta leis an obair dheartha atá déanta go dtí seo. Leanfar anois leis an obair chun an dearadh a bheachtú agus le scrúdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis. Nuair a bheas an obair sin ag an chéim chuí, cuirfear an dearadh atá beartaithe faoi bhráid an Easpaig Niall agus Foireann Fhoirgníochta na Deoise go foirmiúil lena mbreithniú agus lena gceadú. Ina dhiaidh sin, tá súil againn a bheith ábalta an dearadh, na líníochtaí agus múnla de Theach Phobail Mhuire a chur i láthair an phobail sna seachtainí amach romhainn, sula rachfar ar aghaidh leis an chéim a bhaineann le cead pleanála.

Tá muid fíorbhuíoch don Easpag Niall as an am a chaith sé linn agus as a thacaíocht agus a threoir leanúnach. Tá muid fíorbhuíoch fosta do achan duine a leanann de bheith ag cur leis an obair thábhachtach seo agus muid ag glacadh na gcéimeanna cúramacha agus machnamhacha seo le chéile le Teach Pobail Mhuire a thógáil go húrnua arís.

Faoi bhrat na Maighdine Beannaithe Muire, cuirimid an obair naofa seo agus an turas atá romhainn faoina cúram máthartha, a coimirce agus a hidirghuí.

I síth agus i muintearas Íosa,
An tAth. Brian Ó Fearraigh S.P.

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal 🙏
09/08/2026

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal 🙏

McNaughton (née Coll) – 8th August 2026, peacefully at Causeway Hospital, Sadie, late of Fortsandel Avenue, Coleraine. Dearly loved wife of the late Jimmy, dearly beloved mother of wee Jimmy, and adored sister of Paddy, Peadar, Hugh, Jimmy, Sheila, Susan, Nora and Rosie. Sadie will be dearly missed by her wider circle of family and friends. House strictly private. Service of Thanksgiving in Ballyrashane Parish Church, Rectory Road, Coleraine, BT52 2LR, on Wednesday, 12th August 2026 at 11.00am followed by interment in the adjoining Churchyard. (Livestream https://www.youtube.com/live/HBuaUJoCcBo?is=lXgVMQyHNKp75Las). Family flowers only, please. Donations, if wished, to Macmillan Cancer Support c/o Hugh Wade and Son, 3 Upper Abbey Street, Coleraine, BT52 1BF or online at www.hughwadefuneraldirectors.com. May her gentle soul rest in peace.

Address

Doirí Beaga
Gaoth Dobhair
F92Y7C6

Telephone

0749531310

Website

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Paróiste Ghaoth Dobhair posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Shortcuts

Share